Is í an Nollaig féile na carthanachta...

Big WheelIs í an Nollaig féile na carthanachta agus na síochána - dar le go leor. Ní shílfeá é agus líon na ndaoine a bhíonn faoi bhrú airgid nó líon eile a bhíonn ina luí thart faoi thionchar ólacháin nó drugaí! Méadaítear scoilt agus easaontas i dteaghlaigh le linn na Nollag. Ach ina measc seo uilig, beirtear leanbh - ár Slánaitheoir.

An féidir linn athsmaoineamh ar an mhánséar bocht díomhaoin? Cad chuige gur roghnaigh Críost ár Slánaitheoir máinséar bocht díomhaoin?

Insíonn an máinséar dúinn nach bhfuil áit ar bith ar domhan róbhocht ródhíomhaoin do Chríost ár Slánaitheoir.

Mar sin de, i measc rí-rá agus ruaille-buaille shiopadóireacht na Nollag i mbliana, ár gcuid fadhbanna airgeadais, ár n-easaontas teaghlaigh agus ár ndeacrachtaí pearsanta, ina measc sin ar fad, bíodh an t-am againn smaoineamh ar an fhírinne atá sa chéad Nollaig.

Ligimis don leanbh bheag teacht isteach inár saol pearsanta.

Is deise grá Dé ná an doras a deir an seanfhocal - agus lig don fhírinne sin teacht i bhfeidhm orainn um Nollag ach go háirithe.

Agus muid ag glacadh le comaoineach an Nollaig seo, go mbíodh na focail simplí sin mar ré dóchais inár saol pearsanta -

"níl áit ar domhan róbhocht, ródhíomhaoin do Dhia na carthanachta agus na síochána."

Union Flag Icon Click here to view English version

Content Management with U DO from Libertas Solutions Northern Ireland Web Design