Ní éiríonn Dia riamh as

Is é seo an chéad machnamh ar ár suíomh idirlíona úr. Tá súil agam go mbualfaidh tú isteach anois agus arís, sos a ghlacadh ó bhrú an tsaoil agus an deis a thapú le suigh siar agus le machnmah a dhéanamh ar cad é atá ag tarlú i do shaol féin agus sa domhain mórthimpeall ort.

Is féidir leis an saol a bheith deacair againn uilig, is cuma cén aois muid nó cén ról atá againn sa saol. Mar sin féin, is féidir leat a bheith cinnte, is cuma cad é atá ag dul ar aghaidh thart ort nó i do chroí istigh, go bhfuil grá ag Dia duit agus go bhfuil plean aige duit.

Ar ndóigh is féidir le seo a bheith iontach deacair againn a chreidmheáil, go háirithe agus rudaí comh fríd a chéile sin. Ní thréigeann Dia sinn, cé go mbíonn cathú orainn seo a dhéanamh muid féin. Is minic gur ag breathnú siar a fheiceann muid na patrúin inár saol agus na dóigheanna a chuidigh agus ar threoirigh Dia muid trí na daoine a chas orainn. Ní éiríonn Dia as riamh.

Le linn mí seo na samhna smaointíonn muid ar na daoine atá imithe ar shlí na fírinne ach atá beo go fóill inár gcroíthe agus inár gcuimhní. Agus muid ag smaointiú ar an daoine seo, go mbeadh an grá a bhí acu dúinn, an muinín a bhí acu ionainn agus na cuimhní a d'fhág siad againn ina spreagadh againn i gcónaí

Reflection
Waterfall, Glenariff Forest Park




Brian McKee
Director, Youthcom

Union Flag Icon Click here to view English version

World Youth Day

New Day

ICAP logo

Serve

YMSP

Content Management with U DO from Libertas Solutions Northern Ireland Web Design